Peig Sayers Vol. 1
US$3.75
15% OFF CODE: SAVE15
Description
'Ach cérbh í Peig Sayers?' Níorbh í in aon chor an tseanbhean ologónach í ar chuir na glúnta de dhaltaí scoile aithne uirthi. Is léir ó chuntais uathu siúd arbh eol dóibh í gur bhean ghrámhar thuisceanach í a raibh acmhainn grinn inti; bean a fuair blas ar ghal tobac agus ar bhraoinín fuisce, agus a bhí oilte ar chraiceann a chur ar scéal. Saolaíodh Peig i nDún Chaoin i gCo. Chiarraí i 1873. Thug sí bua na scéalaíochta léi óna hathair agus tugadh a sárchuimhne agus an lé a bhí aici le comhluadar